About_Us_1600x400

Maidir Linne

Féile Bronntanas le Craic trí Ghaeilge a Spreagfaidh Teaghlaigh ar Fud an Chontae

Back to List

18/09/2025

Archived item. This item is published here for historical reasons. The information below may be out of date.

BAILE ÁTHA CLIATH – 15 Meán Fómhair 2025 – Sheol Glór na nGael agus Gaeilge365 Bronntanas an tseachtain seo, féile teaghlaigh bhríomhar nua trí Ghaeilge, a bheidh ar siúl ó 25 go 27 Meán Fómhair. Gealltar deireadh seachtaine taitneamhach mealltach ar bhealach atá deartha chun tuismitheoirí agus leanaí a spreagadh chun Gaeilge a labhairt le chéile. 

 

Smaoineamh is ea Bronntanas a d’eascair as Comhairle Contae Átha Cliath Theas, agus anois atá á cheiliúradh ar fud an chontae in éindí le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Fhine Gall, agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta agus COGG.

 

Le breis agus 30 imeacht saor in aisce ar fud an chontae, chomhoibrigh Bronntanas le

healaíontóirí aitheanta chun eispéiris uathúla agus idirghníomhacha a fhorbairt a

thabharfaidh an Ghaeilge chun beatha do gach aois agus leibhéal líofachta.

I measc buaicphointí na féile tá:

 

  • Biongó na nEachtrán: Tuirlingíonn spáslong! Tá suim ag na heachtráin teanga na

tíre a fhoghlaim tríd an gcluiche is fearr leo: Biongó! Imríonn teaghlaigh le heachtráin

ghreannmhara san eispéireas seo le HK Ní Shioradáin – spraoi do chách, lena

n-áirítear páistí néara-éagsúla.

  • An Leabharlannaí Craicéailte: Taibhiú greannmhar idirghníomhach le Seán T. Ó

Meallaigh a thugann beocht don leabharlann trí gheamaireacht, spraoi agus teanga

bhríomhar.

  • Mistéir: Cluiche mistéir idirghníomhach do theaghlaigh faoi stiúir Aideen McQueen

& Louisa Ní Éidéain – le scéal beo, leabhair phictiúr, nodanna ceilte agus carachtair

bhríomhara. Bain úsáid as Gaeilge chun an mistéir a réiteach!

  • Cogadh Dearg: Glac páirt i gcluiche ildaite faoi stiúir Cara Dunne! Foirne páistí agus

tuismitheoirí i gcath spraíúil a chuirfidh dathanna go gealach - cén dath a bhuafaidh?

 

Tá gach imeacht ag Bronntanas deartha go tuisceanach chun cuimhní buana a chruthú agus grá don Ghaeilge a chothú i suíomhanna teaghlaigh.

Tá clár iomlán imeachtaí ar fáil ar: glornangael.ie

“Baineann Bronntanas le heispéiris áille a chruthú trí mheán na Gaeilge,” a dúirt Tara Dunne-Uí Adhmaill, ó Ghlór na nGael. “Teastaíonn uainn go mbraithfeadh tuismitheoirí agus páistí spraoi agus fuinneamh na teanga le chéile, bíodh siad líofa nó díreach ag tosú amach. Trí chomhoibriú le healaíontóirí agus comhpháirtithe pobail, táimid ag cinntiú go mbeidh rud éigin ann do chách. Táimid bródúil go bhfuil an smaoineamh seo tar éis fás ina fhéile don chontae ar fad, agus táimid ar bís fáilte a chur roimh theaghlaigh."

Faoi Gaeilge365

Is comhpháirtíocht é Gaeilge365 idir na ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta. Oibrímid lena seirbhísí poiblí is ansa le go leor daoine cosúil le leabharlanna, ionaid spóirt, páirceanna agus féilte ealaíon chun deiseanna laethúla a chruthú do dhaoine an Ghaeilge a labhairt agus sochaí dhátheangach bhríomhar a thógáil.

 

Faoi Glór na nGael

Bunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 mar uirlis forbartha teanga tríd chomórtas idir grúpaí pobail. I 2014 ceapadh Glór na nGael mar cheanneagraíocht Gaeilge, ceann den sé cheanneagraíocht maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá freagracht ar leith ag Glór na nGael i dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge sa teaghlach, forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.

 

 

 

Bronntanas Festival to Ignite Irish Language Fun for Families Across the County

DUBLIN – September 15th 2025 – Glór na nGael and Gaeilge365 this week launched Bronntanas, a vibrant new Irish language family festival, which will take place from September 25th to 27th, promising a weekend packed with engaging and memorable experiences designed to encourage parents and children to speak Irish together. 

 

Bronntanas grew from an idea developed in South Dublin County Council that is now being celebrated all over the county alongside Dublin City Council, Fingal County Council, and Dún Laoghaire Rathdown County Council with support from the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht and COGG.

 

With over 30 free events happening throughout the county, Bronntanas has collaborated with

renowned artists to develop unique and interactive experiences that will bring the Irish

language to life for all ages and fluency levels.

 

Festival highlights include:

  • Biongó na nEachtrán with HK Ní Shioradáin: Prepare for an out-of-this-world

adventure as a spaceship lands and friendly aliens invite families to learn Irish

through their favourite game: Bingo! This inclusive experience is fun for everyone,

including neurodiverse children.

  • An Leabharlannaí Craiceáilte with Seán T. Ó Meallaigh: Libraries will come alive

with this hilarious interactive performance featuring panto, fun, and vibrant language,

led by the captivating Seán T. Ó Meallaigh.

  • Mistéir with Aideen McQueen & Louisa Ní Éidéain: Families are invited to solve

an intriguing interactive mystery game. Through a live story, picture books, hidden

clues, and vibrant characters, participants will use their Irish skills to unravel the

  • Cogadh Dearg with Cara Dunne: Get ready for a fun, energetic game where

teams of children and parents engage in a playful showdown in full colour - which colour will win?

 

Every event at Bronntanas is thoughtfully designed to create lasting memories and foster a

love for the Irish language within family settings.

 

A full programme of events is available on: glornangael.ie

 

“Bronntanas is about creating beautiful experiences through the Irish language,” said Tara Dunne-Uí Adhmaill, from Glór na nGael. “We want parents and children to feel the fun and energy of the language together, whether they are fluent or just starting out. By collaborating with artists and community partners, we are ensuring that there will be something for everyone. We are proud that this idea has grown into a festival for the whole county, and we are excited to welcome families.”

 

 

About Gaeilge365

Gaeilge365 is a partnership between Dublin’s four local authorities with support from the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht. Gaeilge365 works with many of your favourite council services like libraries, sports centres, parks, and arts festivals to create everyday opportunities for people to speak Irish and build a vibrant bilingual society.

 

About Glór na nGael

In 2014 Glór na nGael, established in 1961 as a language-development vehicle. In 2014 it was unveiled as one of six national Lead Organisations for the Irish language. Glór na nGael has particular responsibility in three areas of work: for promoting the Irish language in the Family Setting; in Business and Enterprise; in Community Development.

Images

  • Image 1 - Seoladh Bronntanas
    Image 1 - Seoladh Bronntanas

Maidir Linne

  • Chief Executive Reports

    Every month the Chief Executive of South Dublin County Council, publishes a report with the latest updates and news from across the organisation.