25/02/2022
Archived item. This item is published here for historical reasons. The information below may be out of date.
Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus ar Leabharlanna Chontae Átha Cliath Theas i gcomhpháirtíocht le hÁras Chrónáin Seachtain na Gaeilge Chontae Átha Cliath Theas (SnaGÁCT) na bliana seo chur os bhur gcomhair.
Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas bródúil as tacaíocht a thabhairt do Sheachtain na Gaeilge agus tá siad chun tosaigh i gcur chun cinn an fheachtais ‘Gaeilge le Chéile’ trí níos mó deiseanna a chruthú agus daoine a spreagadh chun Gaeilge a úsáid agus a labhairt gach lá, ag tosú le frásaí simplí mar ‘Go raibh maith agat' agus 'Slán’, agus leas a bhaint as an téama Gach Lá, Gach Áit agus Gach Aon Duine.
Chun tacú leis seo beidh réimse ollmhór imeachtaí ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge ó GIG le KILA Dé hAoine 25 Márta, Dianchúrsa SPRAOI Deireadh Seachtaine Gaeilge le Ray McManus in Áras Chrónáin ar an 11 agus an 12 Márta agus oíche Cheoil agus Rince Oíche Lá ‘le Pádraig in Áras Chrónáin. I mbliana freisin beidh paráidí ar fud an chontae, Ranganna Gaeilge agus ceardlanna ar siúl sna Leabharlanna, Tob-Gaeltacht, seisiúin cheoil thraidisiúnta Ghaelaigh, agus ar ndóigh maidineacha caife in áiteanna éagsúla, agus is iad Leabharlanna Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus Áras Chrónáin Ionad Cultúir a eagróidh iad go léir.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Méara Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, an Comhairleoir Peter Kavanagh
“Seo cuireadh do dhaoine tacaíocht a thabhairt don tionscnamh Gaeilge Le Chéile agus páirt a ghlacadh inti. Tionscnamh é seo a spreagann daoine chun an Ghaeilge a úsáid ina saol laethúil. Níl i gceist leis seo ach trí chéim shimplí: Gaeilge a úsáid, Gach Lá, Gach Áit, le Gach Duine – Use Irish Everyday, everywhere with everybody.
Ná déan dearmad, bain úsáid as an oiread Gaeilge agus is féidir leat, nathanna simplí mar:
'Conas atá tú?' a úsáid in ionad ‘How are you?’, 'Go raibh maith agat' in ionad ‘Thank you', agus 'Slán!' in ionad ‘Goodbye!' Is féidir leis na frásaí beaga seo saol iomlán nua a oscailt” .
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun an bróisiúr a íoslódáil tabhair cuairt ar www.sdcc.ie
nó ar www.athcliaththeas.ie.
South Dublin County Council and South Dublin Libraries in partnership with Áras Chrónáin are delighted to bring you this year’s Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas (SnaGÁCT).
South Dublin County Council is proud to support Seachtain na Gaeilge and is leading the way in promoting the campaign ‘Gaeilge le Chéile’ by creating more opportunities and encouraging people to use and speak Irish every day, starting with the simple phrases like ‘Go raibh maith agat’ and ‘Slán, and using the theme Everyday, Everywhere with Everyone.
To support this there is a huge range of events taking place during Seachtain na Gaeilge from GIG with KILA on Friday 25 March, Intensive FUN Irish Weekend Course with Ray McManus in Áras Chrónáin on 11 and 12 March and an evening of Music and Dance on St Patrick’s Night in Áras Chrónáin. This year there will also be parades throughout the county, Irish Classes and workshops in the Libraries, POP-Up Gaeltacht, traditional Irish music sessions, and of course coffee mornings in various locations, all organised by South Dublin County Council Libraries and Áras Chrónáin, Ionad Cultúir.
Speaking at the launch, Mayor of South Dublin County Council, Councillor Peter Kavanagh said
“I am inviting people to support and participate in the Gaeilge Le Chéile initiative which encourages people to use spoken Irish in their everyday lives. This involves just three simple steps: Gaeilge a úsáid, Gach Lá, Gach Áit, le Gach Duine – Use Irish Everyday, everywhere with everybody.
Don’t forget, use as much Irish as you can, simple phrases such as:
‘Conas atá tú?’ for ‘How are you?’, ‘Go raibh maith agat’ for ‘Thank you’, and ‘Slán!’ for ‘Goodbye!’ Even these little phrases can open a whole new world“.
For further information and to download the brochure visit www.sdcc.ie
Images
-
Cllr Peter Kavanagh Mayor of South Dublin launches Seachtain na Gaeilge 2022 with Brian O Gaibhin (Aras Chronain), Simon Breslin and Bernard Dunne (Patron for seachtain na gaeilge) -
Cllr Peter Kavanagh Mayor of South Dublin launches Seachtain na Gaeilge 2022 in the Round Tower visitor centre of Bru Chrónáin, Clondalkin. -
Cllr Peter Kavanagh Mayor of South Dublin launches Seachtain na Gaeilge 2022 with Bernard Dunne (Patron for seachtain na gaeilge) and Brian O Gaibhin (Aras Chronain)
