19/02/2014
Archived item. This item is published here for historical reasons. The information below may be out of date.
Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas 2014
Sheol an Méara, Dermot Looney, agus Pátrún SnaGÁct, Bernard Dunne, Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas go hoifigiúil inniu ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Halla an Chontae, Tamhlacht.
Beidh Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas ar siúl ón 1 – 17 Márta – an t-am chun ár gcultúr a cheiliúradh le ceol, damhsa, na healaíona agus lenár dteanga álainn uathúil. Tá féilire iontach arís ag Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas 2014 – ceolchoirmeacha le Kila, galf le Gaeilge, turais faoi stiúir Aerchór na hÉireann thart ar Aeradróm Mhic Easmuinn agus thart ar an iarsmalann atá ann, cur i láthair faoin rialtas áitiúil agus céard is ciall leis duitse, ranganna agus dianchúrsaí, ceardlanna, seisiúin ceoil thraidisiúnta agus turais agus neart eile. Tá os cionn 135 n-imeacht ar an gclár agus beidh an chuid is mó acu saor in aisce agus siamsúil.
Coinnigh súil amach dár lógó agus bí cinnte go mbeidh an-chraic go deo agat agus bí ag faire amach do na foirgnimh a bheidh á nglasú mar chuid de Sheachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas.
Tá an bróisiúr iniata freisin, agus ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil linn chun aon cheist a chur.
Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas was officially launched today in South Dublin County Council, County Hall, Tallaght, by Mayor Dermot Looney and Bernard Dunne, the Patron of SnaGÁct.
Seachtain Na Gaeilge Átha Cliath Theas is running from 1st to 17th March, and it’s that time of year when we come together to celebrate our Culture through music, dance, arts and our unique and beautiful language. Seachtain Na Gaeilge Átha Cliath Theas 2014 has a wonderful calendar of events which includes concerts by Kila, Golf as Gaeilge, a tour of Casement Aerodrome and its museum with the Irish Aer Corps, a presentation on local government and what it is to you, classes for all levels, beginners to advanced, workshops, Traditional Music sessions…and more. There are over 135 events on the schedule for SnaGÁct 2014, with the vast majority of these events are free of charge and guaranteed to entertain.
Keep an eye out for our logo, and you will be assured of some great Craic wherever you see it and don’t forget to keep an eye out for the greening of our buildings as part of the celebration of SnaGÁct.
The brochure is attached also, and please do not hesitate in contacting us for more information on any event.
Is fearr Gaeilge briste ná Béarla Cliste!
Sonraí Teagmhála / Contact: Aoileann Nic Dhonnacha, Oifigeach Gaeilge, Gaeilge@athcliaththeas.ie
