About_Us_1600x400

Maidir Linne

SnaGáct, Seachtain Náisiúnta na Gaeilge agus Ceol 08

Back to List

15/02/2008

Archived item. This item is published here for historical reasons. The information below may be out of date.

SnaGáct, Seachtain Náisiúnta na Gaeilge agus Ceol 08 á seoladh

19.00 an 6ú Márta 2008

Halla An Chontae, Tamhlacht

Cead isteach Saor in Aisce ach is gá áirithint a dhéanamh

Tá se de phléisiúr ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas i mbliana a fhógairt nach é amháin gurb ise a sheolfaidh Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas féin ach gurb í a sheolfaidh Seachtain Náisiúnta na Gaeilge agus Ceol 08 freisin!! Oíche mhór shiamsaíochta a bheidh inti mar go mbeidh scoth na n-amhránaithe, na gceoltóirí agus na rinceoirí a bhfuil a gcáil leata ar fud fad na tíre seo agus na cruinne ar an ardán – leithéidí Declan O’Rourke, Fiach, Lir, Rinceoirí Gaelacha Bastable Warren, Gerry O Connor, Johnny Connolly, Mattie Joe Shéamuis Ó Flatharta, Marcus Ó hIarnáin, Aisteoirí Chrónáin, Rincedance agus daoine eile nach iad. Dáithí Ó Sé a bheidh ina Fhear an Tí. Mura mbeidh sibh sna tritheacha ní lá go maidin é!!

Ceiliúradh na Gaeilge agus an Chultúir is ea Seachtain na Gaeilge a bhíonn ar bun go háitiúil agus go náisiúnta chomh maith leis an seoladh a dhéantar go bliantúil ar dhlúthdhiosca Sheachtain na Gaeilge; Ceol 08 atá air i mbliana agus tá scoth ceoil agus amhrán na hÉireann air. Teann na fáltais ón dlúthdhiosca go Barnardos agus beidh Fergus Finlay, CEO Bardardos, linn ar an oíche. Seolfaidh Billy Gogarty, Méara Chomhairle Contae Átha Cliath Theas Seachtain na Gaeilge.

Beidh an cead isteach chuig seoladh SnaG 08 saor in aisce ach is gá áit a chur in áirithint ar Gaeilge@sdublincoco.ie nó glaoch ar 086-8228916.

Tá a thuilleadh eolais le fáil ó Oifig na Gaeilge i gComhairle Contae Átha Cliath Theas – féach na sonraí teagmhála thuas nó téigh isteach ar www.athcliaththeas.ie . Le haghaidh tilleadh eolais ar imeachtaí go náisiúnta deán teagmháil le Orla Nic Shuibhne ar 0879845760 nó www.snag.ie

Beidh an ócáid seo le feiceáil mar phodchroaladh ar www.athclaiththeas.ie ón 7ú Marta

Maidir Linne

  • Chief Executive Reports

    Every month the Chief Executive of South Dublin County Council, publishes a report with the latest updates and news from across the organisation.