Our-Council_1600x400

Dúnadh Sealadach Beartaithe ar Chodanna de Shráidbhaile Thamhlachta, Baile Átha Cliath 24

Dúnadh Sealadach Beartaithe ar Chodanna de Shráidbhaile Thamhlachta, Baile Átha Cliath 24

Back to List

26/02/2026

Archived item. This item is published here for historical reasons. The information below may be out of date.

 

 

COMHAIRLE CONTAE ÁTHA CLIATH THEAS

SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL

 

 

Acht na mBóithre, 1993, Alt 75

 

Dúnadh Sealadach Beartaithe ar

 

 Chodanna de Shráidbhaile Thamhlachta, Baile Átha Cliath 24                             

 

 

Le Roinn Pobail Chomhairle Contae Átha Cliath Theas a éascú chun Imeacht d’Fhéile Lá Fhéile Pádraig a reáchtáil, tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas na bóithre seo a leanas a dhúnadh:

 

Ainm an Bhóthair:             Codanna de Shráidbhaile Thamhlachta, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24

 

Ar:                                           Dé Luain, an 17 Márta 2026

 

Am an Dúnta:                      10:00am go 5:00pm

 

Sonraí an Dúnta:                Beidh srianadh tráchta ann i Sráidbhaile Thamhlachta ar an17 Márta d’Fhéile Lá Fhéile Pádraig ó 10r.n. go 5i.n. Beidh dúnadh bóithre i bhfeidhm feadh na Príomhshráide/Sheanbhóthar Bhaile Coimín agus ar Bhóthar na nGlaschnoc ó acomhal Bhóthar Airton go Sráidbhaile Thamhlachta. Ní bheidh rochtain ar champas Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ó 10r.n. go 2i.n.

 

                       

Malairt Slí:                           Malairtí slí i bhfeidhm ó Bhóthar na nGlaschnoc feadh Bhóthar Airton agus ar aghaidh go Bóthar Belgard le rochtain a fháil ar an N81. Beidh rochtain ar Bhóthar an tSeanbhábhúin ón N81 le rochtain a fháil ar an bPáirc Thiar chomh maith le Faiche an tSráidbhaile.

 

 

-          Coinneofar rochtain áitiúil ar bun.

-          Rochtain éigeandála 24 uair an chloig le coimeád i gcónaí.

 

 

Féadfaidh duine ar bith ar spéis leis nó léi barúil/aighneacht i scríbhinn a chur faoi bhráid an Oifigigh Feidhmiúcháin Shinsearaigh, Talamhúsáid, Pleanáil agus Iompar, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Halla an Chontae, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24 nó ríomhphost a chur chuig seoroads@sdublincoco.ietráth nach déanaí ná 5pm Dé Luain 2 Márta 2026.