Seolann Méara Chontae Átha Cliath Theas agus Jim Gavin Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil
Back to List22/02/2023
Archived item. This item is published here for historical reasons. The information below may be out of date.
Seolann Méara Chontae Átha Cliath Theas agus Jim Gavin Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil
Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas (CCÁCT) agus Leabharlanna Átha Cliath Theas i gcomhpháirtíocht le hÁras Chrónáin Seachtain Na Gaeilge Átha Cliath Theas (SnaGÁCT) na bliana seo a chur i láthair.
Sheol Méara Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, an Comhairleoir Emma Murphy féile SnaGÁCT go hoifigiúil ar an 21 Feabhra i Leabharlann Bhaile Uí Ruáin, in éineacht le Jim Gavin, pátrún fhéile na bliana seo, agus in éineacht le daltaí ó bhunscoileanna áitiúla. Beidh an clár ar siúl ón 1-17 Márta.
Tá imeachtaí ar fáil do chách agus do gach aois ar fhéilire na bliana seo, ina measc gig speisialta le KILA ar an Aoine 10 Márta in Áras Chrónáin, Dianchúrsa Deireadh Seachtaine Gaeilge le Ray McManus in Áras Chrónáin, ranganna Gaeilge Labhartha i Leabharlanna ar fud an Chontae, tob-Ghaeltacht agus oíche Cheoil agus Rince ar Oíche Fhéile Pádraig in Áras Chrónáin. I mbliana beidh paráidí ar fud an chontae chomh maith, seisiúin cheoil thraidisiúnta Ghaelaigh, agus ar ndóigh maidineacha caife in áiteanna éagsúla, agus iad go léir eagraithe ag Leabharlanna Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus Áras Chrónáin, Ionad Cultúir.
Tá CCÁCT bródúil as tacaíocht a thabhairt do Sheachtain na Gaeilge agus tá sí chun tosaigh i gcur chun cinn an fheachtais ‘Gaeilge le Chéile’ trí níos mó deiseanna a chruthú agus daoine a spreagadh chun Gaeilge a úsáid agus a labhairt gach lá, ag tosú leis na frásaí simplí cosúil le ‘Go raibh maith agat’ agus 'Slán', agus an téama Gach Lá, Gach Áit agus le Gach Duine á úsáid.
Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt Méara Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, an Comhairleoir Emma Murphy: “Táimid bródúil tacaíocht a thabhairt don fheachtas Gaeilge le Chéile trí níos mó deiseanna a chruthú agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid gach lá, ag tosú leis na frásaí simplí cosúil le ‘Go raibh maith agat' agus 'Dia Dhuit' agus trí úsáid a bhaint as an téama Gach Lá, Gach Áit agus le Gach Duine. Ar an iomlán ba mhaith linn an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo ar bhealach spraíúil, taitneamhach agus oscailte.”
Bhí áthas an domhain ar Patrúin SnaGÁCT na bliana seo, Jim Gavin, an ócáid a sheoladh in éineacht leis an Méara agus dúirt sé: “Tá breis agus 100 imeacht á n-eagrú ar fud Chontae Átha Cliath Theas i mbliana. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh leis an bhféilire a chur le chéile. Is deis iontach é dúinn ar fad níos mó Gaeilge labhartha a úsáid.”
Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun an bróisiúr a íoslódáil tabhair cuairt le do thoil ar www.sdcc.ie
-Críoch-
Íomhánna
1: Jim Gavin, Patrúin SnaGÁCT, Mayor of South Dublin County, Cllr Emma Murphy and Brian O Gaibhin (Aras Chronain)
2: Sile Coleman, SDCC Libraries; Cllr Eoin O'Broin; Jim Gavin; Cllr. Emma Murphy, Mayor of SDCC; Brian O Gaibhin (Aras Chronain); Cllr Yvonne Collins; Laura Joyce, SDCC Libraries
3: Mayor of SDCC, Cllr. Emma Murphy with Jim Gavin, Cllr Yvonne Collins, the Juggling Entertainer and children from Scoil Mhuire Ballyboden, Ballyroan Boys National School and Gaelscoil Chnoc Liamhna
4: Children from local primary schools being entertained by the Juggler
Mayor of South Dublin County and Jim Gavin officially launch Seachtain na Gaeilge
South Dublin County Council (SDCC) and South Dublin Libraries in partnership with Áras Chrónáin are delighted to bring you this year’s Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas (SnaGÁCT).
SnaGÁCT festival was launched officially on 21 February at Ballyroan Library by the Mayor of South Dublin County Council, Cllr Emma Murphy joined by Jim Gavin, patron of this year’s festival, along with pupils from local primary schools. The programme will run from 1– 17 March.
This year’s packed calendar has events for everyone and to suit all ages, including a special gig with KILA on Friday 10 March inÁras Chrónáin,Intensive Spoken Irish Weekend Course with Ray McManus in Áras Chrónáin, Spoken Irish classes in Libraries across the County, Pop – Up Gaeltacht and an evening of Music and Dance on St Patrick’s Night in Áras Chrónáin. This year there will also be parades throughout the county, traditional Irish music sessions, and of course coffee mornings in various locations, all organised by South Dublin County Council Libraries and Áras Chrónáin, Ionad Cultúir.
SDCC is proud to support Seachtain na Gaeilge and is leading the way in promoting the campaign ‘Gaeilge le Chéile’ by creating more opportunities and encouraging people to use and speak Irish every day, starting with the simple phrases like ‘Go raibh maith agat’ and ‘Slán, and using the theme Everyday, Everywhere with Everyone.
Speaking at the launch, Mayor of South Dublin County Council, Councillor Emma Murphy said: “We are proud to support the campaign Gaeilge le Chéile by creating and encouraging more opportunities to use Irish every day, starting with the simple phrases like ‘Go raibh maith agat’ and ‘Dia Dhuit’ and by using the theme Everyday, Everywhere with Everyone. Overall we want to promote Irish as a living language in a fun, enjoyable, and open way.”
This year’s Patrúin SnaGÁCT, Jim Gavin, was delighted to launch the event along with Mayor Murphy and said: “There are over 100 events being organised throughout South Dublin County this year. I would like to thank everyone who helped in putting together the calendar. It is a great opportunity for us all to use more spoken Irish.”
For further information and to download the brochure please visit www.sdcc.ie
-Ends-
Image 1: Jim Gavin, Patrúin SnaGÁCT, Mayor of South Dublin County, Cllr Emma Murphy and Brian O Gaibhin (Aras Chronain)
Image 2: Sile Coleman, SDCC Libraries; Cllr Eoin O'Broin; Jim Gavin; Cllr. Emma Murphy, Mayor of SDCC; Brian O Gaibhin (Aras Chronain); Cllr Yvonne Collins; Laura Joyce, SDCC Libraries
Image 3: Mayor of SDCC, Cllr. Emma Murphy with Jim Gavin, Cllr Yvonne Collins, the Juggling Entertainer and children from Scoil Mhuire Ballyboden, Ballyroan Boys National School and Gaelscoil Chnoc Liamhna
Image 4: Children from local primary schools being entertained by the Juggler
