Our-Council_1600x400

Seachtain na Gaeilge Atha Cliath Theas 2015

Seachtain na Gaeilge Atha Cliath Theas 2015

Back to List

25/02/2015

Archived item. This item is published here for historical reasons. The information below may be out of date.

 Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas 2015

Is mór an sásamh do Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus do Sheirbhísí Leabharlainne Átha Cliath Theas, i gcomhar le hÁras Chrónáin, Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas a bheith ann. Beidh an Fhéile Ghaelach ar bun ar fud an Chontae sa Márta agus is iontach an deis a bheidh ann dúinn cruinniú le chéile chun Cultúr na tíre seo a cheiliúradh le ceol, damhsa, na healaíona, ceardaíocht agus leis an teanga uathúil agus álainn atá againn a labhairt.

Beidh clár breá imeachtaí ag gabháil le SnaGÁct 2015, mar shampla GiG Mór le Seo Linn, ranganna Gaeilge do dhaoine cibé céard é a gcumas labhartha, ó thosaitheoirí go daoine a bhfuil cumas maith labhartha acu, ceardlanna, céilí/dioscó, imeachtaí spóirt agus seisiúin sa cheol traidisiúnta. Beidh cead isteach saor in aisce chuig formhór na n-imeachtaí seo agus cinnte dearfa bainfear sult astu.

Seolfaidh an Méara, Fintan Warfield, Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas go hoifigiúil ar an 3ú Márta, ag a 11.30a.m sa Leabharlann Contae i dTamhlacht agus beidh an t-aoi speisialta, Niall De Búrca, ina chomhluadar.

Cuireann sé ríméad ar an Méara, Fintan Warfield, gur tugadh an deis dó an clár seo a sheoladh agus arsa sé "Tá an cultúr, an teanga agus an oidhreacht atá againn á gcothú i gComhairle Contae Átha Cliath Theas le blianta. Go stairiúil, ba í an Ghaeilge an phríomhtheanga labhartha i gcnoic Átha Cliath Theas go dtí blianta tosaigh an 19ú Céad. Tá mo thaisteal déanta agamsa mar cheoltóir agus mar amhránaí traidisiúnta ar chamchuairt cheoil na hÉireann agus Mheiriceá agus thug sé sin léargas dom ar an meas atá ar an teanga seo againne ar fud an domhain. Tá SnaGÁct an-tábhachtach ó thaobh bacainní teanga a bhaineann le Gaeilge a chur de leataobh agus ó thaobh na hoidhreachta cultúrtha atá againn a chaomhnú. Guím gach rath oraibh go léir sna seachtainí seo romhainn agus ba bhreá liom dá rachadh sibh amach agus freastal ar roinnt de na himeachtaí iontacha a bheidh ar siúl".

Tá tuilleadh eolais ar www.sdcc.ie agus ar www.athcliaththeas.ie agus is féidir an bróisiúr a íoslódáil díobh.

 

 Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas 2015

South Dublin County Council and South Dublin Library Services in partnership with Áras Chrónáin are delighted to present Seachtain Na Gaeilge Átha Cliath Theas. This Irish Festival takes place throughout the county during March and it is a great opportunity for us to come together to celebrate our National Culture through music, dance, arts, crafts and our unique and beautiful language.

SnaGÁct 2015 includes a wonderful calendar of events which features a GiG Mór by Seo Linn, Irish language classes for all levels, beginners to advanced, workshops, céilí/dioscó, sporting events and traditional music sessions. The vast majority of these events are free of charge and guaranteed to entertain.

Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas will be launched officially on the 3rd March, at 11.30a.m by Mayor Fintan Warfield, in County Library, Tallaght with special guest, Niall De Búrca.

Mayor Fintan Warfield is delighted to have been given the opportunity to launch this programme, he said “our culture, language and heritage has been fostered in South Dublin County Council during recent years. Historically, Irish was the principal language in the hills of South Dublin until the early 19th Century. Having toured as a traditional musician and singer on the Irish-American music circuit, I have seen the value placed on our language across the world. SnaGÁct plays a crucial part in overcoming Irish language barriers and a vital role in cherishing our cultural heritage. I wish everyone well over the coming weeks and encourage attendance at some of the wonderful events on offer”.

For further information and to download the brochure visit www.sdcc.ie or www.athcliaththeas.ie  

 

 

Documents